Achainí ar Líne > Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna a Chuirtear go Minic

Cad is Achainí ann?

Is é atá in achainí slí agatsa chun saincheist a thógáil leis an Oireachtas go ngníomhófar ar ní is spéis nó is cás leis an bpobal i gcoitinne. Ní mór d’ábhar na hachainí a bheith bainteach le ní a bhfuil cumhacht ag an Oireachtas gníomhú ina leith.

An féidir le gach duine Achainí a chur isteach?

Féadfaidh gach duine seachas comhaltaí dhá Theach an Oireachtais achainí a chur isteach agus ní gá ach aon síniú amháin uirthi.

Conas is féidir liom m’ainm a chur le hachainí chun tacú léi?

Más mian leat d’ainm a chur le hachainí chun tacú léi, ní mór é a chur léi an tráth a chuirtear isteach an achainí. Níl aon teorainn leis an líon daoine ar féidir leo tacú le hachainí. Ní féidir ainmneacha a chur le hachainí, áfach, tar éis í a chur isteach.

Cad faoi is féidir liom achainí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus na hOmbudsmen?

Féadfaidh tú achainí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste maidir le nithe a bhfuil cumhacht ag Tithe an Oireachtais gníomhú ina leith;

Beidh achainí inghlactha más rud é:

  • go bhfuil sí de réir na mBuan-Orduithe agus san fhoirm chuí;
  • nach bhfuil sí sub judice, .i. nach mbaineann sí le cás ina bhfuil imeachtaí cúirte tionscanta, is cás atá le héisteacht os comhair giúiré nó atá, an tráth sin, á éisteacht os comhair giúiré;
  • nach bhfuil teanga inti atá colúil nó ar de chineál clúmhillteach í;
  • nach ionann í agus achainí, nó nach bhfuil sí i dtéarmaí atá go substaintiúil de shamhail achainí, a thionscain an duine céanna, an comhlacht corpraithe céanna nó an comhlachas neamhchorpraithe céanna, nó a tionscnaíodh thar a cheann nó thar a ceann, le linn shaolré na Dála/an tSeanaid sin agus a dúnadh le comhaontú an Choiste;
  • nach bhfuil sí suaibhreosach, cráiteach nó nach mí-úsáid as an gcóras achainíocha ar shlí eile í;
  • nach gceanglaítear léi ar an gCoiste gearán aonair a bhreithniú ab ábhar do bhreith ón Ombudsman, ó Ombudsman eile, nó ó chomhlacht rialála poiblí eile nó comhlacht arna bhunú chun críche sásaimh.

An bhfuil an próiseás casta?

Níl, ar chor ar bith. Tá foirm chaighdeánach ann a n-iarraimid ar gach achainíoch í a chomhlánú. Mura bhfuil rochtain agat ar ríomhaire, cuirfidh Rúnaíocht an Choiste an fhoirm sin chugat leis an bpost. Tá an rúnaíocht ar fáil freisin chun cúnamh a thabhairt don phobal le linn dóibh an fhoirm sin a chomhlánú agus chun comhairle a chur orthu chomh maith maidir leis an gcineál achainíocha ar féidir glacadh leo.

Cad é an chéad chéim eile?

Má tá achainí inghlactha, déanfaidh an Coiste cibé gníomh is cuí leis i ndáil leis an achainí sin. Féadfaidh an Coiste—

  • an achainí a tharchur chuig aon Choiste eile is cuí leis, maille le hiarraidh go ndéanfaí í a bhreithniú tuilleadh agus go dtabharfaí tuairisc don Choiste uirthi ina dhiaidh sin;
  • tuairisc a thabhairt don Dáil/Seanad maille le moltaí, lena n-áirítear iarraidh go ndéanfadh an Dáil/an Seanad díospóireacht ar an tuairisc;
  • a iarraidh ar an Achainíoch freastal ar chruinniú agus labhairt leis an gCoiste chun tuilleadh soiléire/tuisceana a fháil ar an Achainí atá ar láimh;
  • an achainí a tharchur chuig an Ombudsman, chuig Ombudsman eile nó chuig comhlacht rialála poiblí nó comhlacht arna bhunú chun críche sásaimh.

Aon ghníomh a dhéanfar,cuirfidh an Coiste in iúl don achainíoch go ndearnadh é.

Achainíocha a dhúnadh.

Féadfaidh an Coiste achainí a dhúnadh aon tráth.

Más rud é go ndéanann an Coiste achainí a dhúnadh, cuirfidh sé in iúl don achainíoch go bhfuil an achainí dúnta agus na cúiseanna a bhí leis an achainí a dhúnadh.

Cé ar chóir dul i dteagmháil leo má tá cúnamh ag teastáil nó má tá aon fhiosrúcháin agam?

Is féidir tuilleadh faisnéise agus comhairle maidir leis an bproiséas achainíocha chuig Tithe an Oireachtais a fháil ó:

Cléireach an Chomhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus na hOmbudsmen
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
Éire
Cléireach an Choiste: 01 618 3054 f. póca: 086 168 4346
Cásbhainisteoir Achainíocha: 01 618 3114 f. póca: 086 166 0370
Ríomhphost (ceisteanna ginearálta): jcpp@oireachtas.ie
Ríomhphost (achainíocha a chur isteach): submitapetition@oireachtas.ie