Achainí ar Líne > Réamhrá i dtaobh Achainíocha

Réamhrá i dtaobh Achainíocha

Mar thoradh ar bhunú chóras na n-achainíocha is mó an idirghníomhaíocht is féidir leis an saoránach a dhéanamh leis an gcóras parlaiminteach maidir le nithe is cás nó is spéis leis an bpobal i gcoitinne. Ní gá ach aon síniú amháin chun achainí a chur isteach.

An Comhchoiste um Achainíocha Poiblí agus na hOmbudsmen

Coiste Oireachtais ar a bhfuil Teachtaí Dála agus Seanadóirí is ea an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus na hOmbudsmen ('an Coiste'). Tionóltar gach coicís é de ghnáth agus le linn na gcruinnithe déanann an Coiste breithniú ar achainíocha ag céimeanna éagsúla den chóras breithniúcháin.

Slí nua thábhachtach é córas seo na n-achainíocha parlaiminteacha ag pearsana aonair chun páirt a ghlacadh, tríd an bpróiseas achainíocha, i bpróiseas an daonlathais. Féadfaidh daoine den phobal na nithe is cás leo maidir le beartais a thabhairt go díreach chuig croílár an Oireachtais agus tionchar a imirt ar chlár oibre an Oireachtais.

Breithniú an Choiste ar Achainíocha

Le linn don Choiste breithniú a dhéanamh ar achainí, féadfaidh sé a iarraidh ar achainíoch láithriú os a chomhair chun labhairt ar an ní is ábhar don achainí. Féadfaidh sé fianaise ó bhéal nó i scríbhinn a lorg freisin ón Roinn Rialtais iomchuí, chomh maith le comhlachtaí cuí eile nó páirtithe leasmhara eile.
Féadfaidh an Coiste freisin, le linn dó achainí a bhreithniú:

  • an achainí a tharchur chuig aon Choiste eile maille le hiarraidh go ndéanfaí í a bhreithniú tuilleadh agus go dtabharfaí tuairisc don Choiste uirthi ina dhiaidh sin;
  • an achainí a tharchur chuig an Ombudsman, chuig Ombudsman eile nó chuig comhlacht rialála poiblí nó comhlacht arna bhunú chun críche sásaimh.

Tar éis dó breithniú a dhéanamh ar aon fhianaise ó bhéal agus/nó i scríbhinn a gheofar, tabharfaidh an Coiste breith maidir le cén gníomh eile is mian leis a dhéanamh. I measc nithe eile d’fhéadfadh gurb éard a bheidh sa ghníomh sin tuairisc a thabhairt don Dáil/Seanad maille le moltaí, lena n-áirítear iarraidh go ndéanfadh an Dáil/an Seanad díospóireacht ar an tuairisc.

Má mheasann an Coiste nach gá aon ghníomh breise, dúnfar an achainí. Cuirfear breithniú an Choiste ar an ní agus an bhreith chríochnaitheach uaidh in iúl don Achainíoch.

Inghlacthacht Achainíocha

Ní mór achainíocha a dhíriú chuig Tithe an Oireachtais; ní mór dóibh a bheith bainteach le ní is cás nó is spéis leis an bpobal i gcoitinne i ndáil le cumhachtaí reachtacha Thithe an Oireachtais nó a bheith ina saincheist beartais phoiblí.

Beidh achainí inghlactha más rud é:

  • go mbaineann sí le nithe a bhfuil cumhacht ag Tithe an Oireachtais gníomhú ina leith;
  • go bhfuil sí de réir na mBuan-Orduithe agus san fhoirm chuí;
  • nach bhfuil sí sub judice, .i. nach mbaineann sí le cás ina bhfuil imeachtaí cúirte tionscanta, is cás atá le héisteacht os comhair giúiré nó atá, an tráth sin, á éisteacht os comhair giúiré;
  • nach bhfuil teanga inti atá colúil nó ar de chineál clúmhillteach í;
  • nach ionann í agus achainí, nó nach bhfuil sí i dtéarmaí atá go substaintiúil de shamhail achainí, a thionscain an duine céanna, an comhlacht corpraithe céanna nó an comhlachas neamhchorpraithe céanna, nó a tionscnaíodh thar a cheann nó thar a ceann, le linn shaolré na Dála/an tSeanaid sin agus a dúnadh le comhaontú an Choiste;
  • nach bhfuil sí suaibhreosach, cráiteach nó nach mí-úsáid as an gcóras achainíocha ar shlí eile í;
  • nach gceanglaítear léi ar an gCoiste gearán aonair a bhreithniú ab ábhar do bhreith ón Ombudsman, ó Ombudsman eile, nó ó chomhlacht rialála poiblí eile nó comhlacht arna bhunú chun críche sásaimh.

Is féidir comhairle i dtaobh inghlacthachta a fháil ó rúnaíocht an Choiste agus tá a sonraí teagmhála tugtha i ndeireadh na bileoige seo.

Ní mór d’achainígh a léiriú go bhfuil bearta déanta acu cheana féin chun an tsaincheist atá á tógáil san achainí a réiteach, trína tógáil, cuir i gcás, leis an Ombudsman, le comhlachtaí poiblí, nó go díreach leis an Roinn Rialtais iomchuí.

Is féidir tuilleadh faisnéise agus comhairle maidir leis an bproiséas achainíocha chuig Tithe an Oireachtais a fháil ó:

Cléireach an Chomhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus na hOmbudsmen
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
Éire
Cléireach an Choiste: 01 618 3054 f. póca: 086 168 4346
Cásbhainisteoir Achainíocha: 01 618 3114 f. póca: 086 166 0370
Ríomhphost (ceisteanna ginearálta): jcpp@oireachtas.ie
Ríomhphost (achainíocha a chur isteach): submitapetition@oireachtas.ie