Petition
Current Details
Reference Number: | P00015/15 |
Status: | Petition Closed |
Name of Petitioner: | Uasal Norman Wilson |
Petition Title: | Ceartanna Vótála |
Submitted By: | Individual |
Petition Text: | Bhíos ag obair le fear anseo san Astráil le déanaí. Rugadh agus tógadh san Astráil é, ach is Iodálaigh iad a thuismitheoirí, agus mar sin, tá pas Iodálach aige. I rith an chomhrá eadrainn, dúirt sé gur vótáil sé sa toghcán Pharlaimint na hEorpa anuraidh, cé nach raibh aithne dá laghad aige ar na hiarrthóirí, cé nach raibh eolas dá laghad aige ar na saincheisteanna a bhí á bplé san Aontas Eorpach ag an am, agus cé nach raibh suim dá laghad aige san Aontas Eorpach fíú amháin.
Bhí ionadh air nuair a dúirt mé nach raibh mé in ann vótáil, cé gur rugadh agus tógadh mé in Éirinn, tír den Aontas Eorpach, mar ní raibh rialtas na hÉireann sásta ceartanna vótála a thabhairt do shaoránaigh d’Éirinn áta ag cónaí thar lear.
Níl an suíomh seo sásúil, cóir ná cothrom.
Ba mhaith liom go mbeidh ceartanna vótála don Oireachtas agus do Pharlaimint na hEorpa ag saoránaigh d’Éirinn atá ag cónaí thar lear, go háirithe nuair is íocóirí cánach Éireannach iad. |
Historical Details
3) | Status: | Decision Of The Committee | | Date: | 04 Nov 2015 | 2) | Status: | For Consideration By Committee | | Date: | 04 Nov 2015 | 1) | Status: | Received | | Date: | 16 Apr 2015 |
Published: 11 Nov 2015 12.17.57
|