Ceisteanna a Chuirtear go MinicCad is Achainí ann?Is é atá in achainí slí agatsa chun saincheist a thógáil leis an Oireachtas go ngníomhófar ar ní is spéis nó is cás leis an bpobal i gcoitinne. Ní mór d’ábhar na hachainí a bheith bainteach le ní a bhfuil cumhacht ag an Oireachtas gníomhú ina leith. An féidir le gach duine Achainí a chur isteach?Féadfaidh gach duine seachas comhaltaí dhá Theach an Oireachtais achainí a chur isteach agus ní gá ach aon síniú amháin uirthi. Conas is féidir liom m’ainm a chur le hachainí chun tacú léi?Más mian leat d’ainm a chur le hachainí chun tacú léi, ní mór é a chur léi an tráth a chuirtear isteach an achainí. Níl aon teorainn leis an líon daoine ar féidir leo tacú le hachainí. Ní féidir ainmneacha a chur le hachainí, áfach, tar éis í a chur isteach. Cad faoi is féidir liom achainí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus na hOmbudsmen?Féadfaidh tú achainí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste maidir le nithe a bhfuil cumhacht ag Tithe an Oireachtais gníomhú ina leith; Beidh achainí inghlactha más rud é:
An bhfuil an próiseás casta?Níl, ar chor ar bith. Tá foirm chaighdeánach ann a n-iarraimid ar gach achainíoch í a chomhlánú. Mura bhfuil rochtain agat ar ríomhaire, cuirfidh Rúnaíocht an Choiste an fhoirm sin chugat leis an bpost. Tá an rúnaíocht ar fáil freisin chun cúnamh a thabhairt don phobal le linn dóibh an fhoirm sin a chomhlánú agus chun comhairle a chur orthu chomh maith maidir leis an gcineál achainíocha ar féidir glacadh leo. Cad é an chéad chéim eile?Má tá achainí inghlactha, déanfaidh an Coiste cibé gníomh is cuí leis i ndáil leis an achainí sin. Féadfaidh an Coiste—
Aon ghníomh a dhéanfar,cuirfidh an Coiste in iúl don achainíoch go ndearnadh é. Achainíocha a dhúnadh.Féadfaidh an Coiste achainí a dhúnadh aon tráth. Más rud é go ndéanann an Coiste achainí a dhúnadh, cuirfidh sé in iúl don achainíoch go bhfuil an achainí dúnta agus na cúiseanna a bhí leis an achainí a dhúnadh. Cé ar chóir dul i dteagmháil leo má tá cúnamh ag teastáil nó má tá aon fhiosrúcháin agam?Is féidir tuilleadh faisnéise agus comhairle maidir leis an bproiséas achainíocha chuig Tithe an Oireachtais a fháil ó: Cléireach an Chomhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus na hOmbudsmen |