Achainí a chur isteach – Tabhair faoi deara le do thoilTar éis dhíscaoileadh an 33ú Dáil an 8 Samhain 2024, tá deireadh curtha anois leis an tairseach ar líne atá ag an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus um na hOmbudsmain chun Achainíocha ón bPobal a aighniú. Réamhrá i dtaobh AchainíochaMar thoradh ar bhunú chóras na n-achainíocha is mó an idirghníomhaíocht is féidir leis an saoránach a dhéanamh leis an gcóras parlaiminteach maidir le nithe is cás nó is spéis leis an bpobal i gcoitinne. Ní gá ach aon síniú amháin chun achainí a chur isteach. An Comhchoiste um Achainíocha Poiblí agus na hOmbudsmenCoiste Oireachtais ar a bhfuil Teachtaí Dála agus Seanadóirí is ea an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus na hOmbudsmen ('an Coiste'). Tionóltar gach coicís é de ghnáth agus le linn na gcruinnithe déanann an Coiste breithniú ar achainíocha ag céimeanna éagsúla den chóras breithniúcháin. Slí nua thábhachtach é córas seo na n-achainíocha parlaiminteacha ag pearsana aonair chun páirt a ghlacadh, tríd an bpróiseas achainíocha, i bpróiseas an daonlathais. Féadfaidh daoine den phobal na nithe is cás leo maidir le beartais a thabhairt go díreach chuig croílár an Oireachtais agus tionchar a imirt ar chlár oibre an Oireachtais. Breithniú an Choiste ar AchainíochaLe linn don Choiste breithniú a dhéanamh ar achainí, féadfaidh sé a iarraidh ar achainíoch láithriú os a chomhair chun labhairt ar an ní is ábhar don achainí. Féadfaidh sé fianaise ó bhéal nó i scríbhinn a lorg freisin ón Roinn Rialtais iomchuí, chomh maith le comhlachtaí cuí eile nó páirtithe leasmhara eile.
Tar éis dó breithniú a dhéanamh ar aon fhianaise ó bhéal agus/nó i scríbhinn a gheofar, tabharfaidh an Coiste breith maidir le cén gníomh eile is mian leis a dhéanamh. I measc nithe eile d’fhéadfadh gurb éard a bheidh sa ghníomh sin tuairisc a thabhairt don Dáil/Seanad maille le moltaí, lena n-áirítear iarraidh go ndéanfadh an Dáil/an Seanad díospóireacht ar an tuairisc. Má mheasann an Coiste nach gá aon ghníomh breise, dúnfar an achainí. Cuirfear breithniú an Choiste ar an ní agus an bhreith chríochnaitheach uaidh in iúl don Achainíoch. Inghlacthacht AchainíochaNí mór achainíocha a dhíriú chuig Tithe an Oireachtais; ní mór dóibh a bheith bainteach le ní is cás nó is spéis leis an bpobal i gcoitinne i ndáil le cumhachtaí reachtacha Thithe an Oireachtais nó a bheith ina saincheist beartais phoiblí. Beidh achainí inghlactha más rud é:
Is féidir comhairle i dtaobh inghlacthachta a fháil ó rúnaíocht an Choiste agus tá a sonraí teagmhála tugtha i ndeireadh na bileoige seo. Ní mór d’achainígh a léiriú go bhfuil bearta déanta acu cheana féin chun an tsaincheist atá á tógáil san achainí a réiteach, trína tógáil, cuir i gcás, leis an Ombudsman, le comhlachtaí poiblí, nó go díreach leis an Roinn Rialtais iomchuí. Is féidir tuilleadh faisnéise agus comhairle maidir leis an bproiséas achainíocha chuig Tithe an Oireachtais a fháil ó: Cléireach an Chomhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus na hOmbudsmen |