Achainí a chur isteach – Tabhair faoi deara le do thoil
Tar éis dhíscaoileadh an 33ú Dáil an 8 Samhain 2024, tá deireadh curtha anois leis an tairseach ar líne atá ag an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus um na hOmbudsmain chun Achainíocha ón bPobal a aighniú.
Beidh achainí inghlactha más rud é:
go bhfuil sí de réir na mBuan-Orduithe agus san fhoirm chuí;
nach mbaineann sí le cás ina bhfuil imeachtaí cúirte tionscanta, is cás atá á éisteacht nó le héisteacht os comhair giúiré;
nach bhfuil teanga inti atá colúil nó ar de chineál clúmhillteach í;
nach ionann í agus achainí, nó nach bhfuil sí de shamhail achainí, a dhún an Coiste roimhe seo agus a thionscain an duine céanna, an comhlacht corpraithe céanna nó an comhlachas neamhchorpraithe céanna, nó ar tionscnaíodh thar a cheann nó thar a ceann í;
nach bhfuil sí suaibhreosach, cráiteach nó nach mí-úsáid as an gcóras achainíocha ar shlí eile í;
nach gceanglaítear léi ar an gCoiste gearán aonair a bhreithniú ab ábhar do bhreith ón Ombudsman, ó Ombudsman eile, nó ó chomhlacht eile arna bhunú chun críche sásaimh.